A chairde,
Is grúpa taighdeoirí muid ón bpobal cleachtais ARQUS atá dírithe ar an Intleacht Shaorga (IS) i gcomhthéacs fhoghlaim agus theagasc teangacha. Tá suirbhé á reáchtáil againn chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a n-úsáideann mic léinn uirlisí IS agus iad i mbun staidéir ar theangacha.
Bheimis an-bhuíoch díot dá mbeifeá sásta páirt a ghlacadh sa suirbhé seo ionas gur féidir linn cuid de na huirlisí AI a chomhtháthú inár modhanna teagaisc agus freastal níos fearr ar do chuid riachtanas agus ionchas.
Déanfar do chuid freagraí a láimhseáil go rúnda agus úsáidfear iad chun críocha taighde agus acadúla amháin. Ní roinnfear iad le haon pháirtí eile.
Glacann an suirbhé thart ar 10 nóiméad le comhlánú.
Agus an suirbhé seo comhlánaithe agus curtha isteach agat, tugann tú cead na torthaí chun críocha taighde. Is féidir leat éirí as an suirbhé ag am ar bith.